Sodar do Sheachtain na Gaelainne 2022!
Tá áthas ar Thobar Dhuibhne agus Dúchas an Daingin a fhógairt go mbeidh Rith/Siulóid á eagrú againn don bpobal mar sheoladh do Sheachtain na Gaelainne le hEnergia 2022 i gCúige Mumhan.

Tá fáilte roimis gach éinne na bróga a chur orthu agus dul timpeall Slí na Sláinte sa Daingean! Beidh t-léinte, ceol ó Nicole Ní Dhubhshláine, Kyle MacAuley agus Méabh Ní Bheaglaioch, agus uachtar reoite ó Murphy's ann, le go leor dathanna le feiscint ar na sráideanna chomh maith!

Dáta: 12/03/2022
Am: 11.00 r.n.
Ionad: An Ché, Daingean Uí Chúis

Gheobhaidh an chéad 40 a chláraíonn t-léine don rás!


Sign in to Google to save your progress. Learn more
Ainm / Name *
Seoladh / Address *
Uimhir Teagmhála / Contact Number *
Ríomhphost / Email *
T-léine / T-shirt
Clear selection
Ar mhaith leat bheith ar an eolas mar gheall ar imeachtaí Dhúchas an Daingin agus Tobar Dhuibhne? / Would you like to be kept up to date on Dúchas an Daingin and Tobar Dhuibhne's events? *
Tarscaoileadh / Waiver
Tuigim go bhféadfadh sé a bheith contúirteach a bheith páirteach san imeacht seo agus nár cheart dom cur isteach air ná a bheith páirteach ann mura bhfuil mé ábalta ó thaobh sláinte de nó nach eile. Tuigim cineál an imeachta seo agus glacaim go hiomlán leis go bhfuilim ag glacadh páirte ar mo phriacal féin.

Táim ar an eolas chomh maith agus glacaim le gach baol a bhaineann le bheith páirteach san imeacht seo, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do thitim, tionchar na haimsire, trácht agus an bhail atá ar an mbóthar/cosán. A mhéid a bhaineann liom féin, agus le mo chuid oidhrí agus seiceadóirí, déanaim tarscaoileadh, saoradh agus urscaoileadh síoraí a thabhairt leis seo do Thobar Dhuibhne / Dúchas an Daingin, do na hurraitheoirí, do na tionscnóirí agus do gach duine dá ngníomhairí, dá n-ionadaithe, dá gcomharbaí agus dá sannaithe, agus do gach duine eile a bhfuil baint acu leis an imeacht, i leith mo chuid dliteanas, éileamh, gníomhartha nó damáistí go léir a d’fhéadfadh a bheith agam ina gcoinne agus a éiríonn as mo rannpháirtíocht san imeacht seo nó a bhfuil baint d’aon chineál acu leis an imeacht seo.

Tuigim go bhféadfaí an ghníomhaíocht a chur ar bun ar chosáin nó ar bhóithre phoiblí nó ar chosáin laistigh de Pháirceanna Poiblí atá oscailte don phobal ar a bhfuiltear ag súil le guaiseacha taistil. Comhaontaím chomh maith go stopfaidh mé láithreach de bheith páirteach sa ghníomhaíocht má chreidim nach bhfuil na coinníollacha sábháilte.

Tuigim go n-áirítear sa tarscaoileadh seo aon éilimh, cibé a tharla de bharr faillí, mar thoradh ar ghníomh nó neamhghníomh aon cheann de na páirtithe thuasluaite, nó seachas sin.

Deimhním go gcloífidh mé le treoracha agus rialacháin covid-19 na Roinne Sláinte nuair a bheidh mé páirteach san imeacht seo.
Tugaim cead iomlán leis seo d'aon cheann de na páirtithe thuas agus do na páirtithe go léir thuas úsáid a bhaint as aon grianghraif, fístéipeanna, scannáin, íomhánna láithreáin gréasáin, taifeadtaí nó aon ábhar taifeadta eile den imeacht seo.
Deimhním NACH BHFUIL aon ghortú, galar ná rioscaí leighis agam ná orm a chuirfeadh cosc orm páirt a ghlacadh san imeacht seo nó a chuirfeadh i gcontúirt mé féin nó aon rannpháirtí eile.
An nglacann tú leis an tarscaoileadh? / Do you accept the waver? *
Cífimid ansan sibh!
Submit
Clear form
Never submit passwords through Google Forms.
This content is neither created nor endorsed by Google. - Terms of Service - Privacy Policy

Does this form look suspicious? Report